School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)

Location:
Gob an Choire, Co. Mayo
Teacher:
Sr. M. de Sales
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Page 238
  3. XML “An Giorria Aisteach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháín bhí sgata ban ag faireadh a gcuid bó ar an mbuaile. Lá breágh gréine a bhí ann agus níorbh fhada go bhfacadar girrfhiadh ag teacht agus ag dul treasna tríd na beithidhigh. Thoisig an girrfhiadh ag diúl ar na ba. Thuit an lug ar an lag ar na mnaibh agus do rith cuid aca leo agus a gcroidhe in a mbeal. Níorbh fhada go raibh sgéál an ghirrfhiadh in a ráfla ar fud na h-áite.
    An lá dár gcionn chuaidh na fir go dtí an buaile agus na beithidhigh leo. Tháinig an girrfhiadh agus thoisigh sé ag dúil ar na ba díreach mar rinne sé an lá roimhe sin. Chuaidh na fir chomh fada leis ach níor chorruigh sé go raibh siad i bhfoisgeacht trí nó ceithre de shlataibh do. Annsin d'imthigh an girrfhiadh leis agus shuidh sé síos ar chnochán ar a chorra geábh. Chaith duine de na fir maide leis. D'imthigh an girrfhiadh i ndiaidh an mhaide agus rug sé in a bhéal é agus as go bráthach leis. Ansin shocruigh na fir go dtiocfadh siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Giollabháin
    Gender
    Male
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mayo
    Informant
    Séamus Mac Giollabháin
    Gender
    Male
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mayo