Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 383

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 383

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 383
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé ina chónaí sa Sean Phobal. Do bhí sé pósta agus do bhí an-chuid leanaí aige. An maidin áirithe seo nuair a bhí sé ag ithe a breacfáist dúirt sé lena bhean go raghadh sé go dtí an bhaile mhór fé dhéin bróg dó féin agus na leanaí. Do chuireadh eagla air nuair do labhair an chat leis ón dtine agus a dúirt leis péire bróg a thógaint abhaile chuige féin. Nuair a tháinigh sé abhaile um thráthnóna d'fiafraigh an chait de ar thóg sé na bróga chuige féin. Dúirt an fear leis nár thóg mar go gcaitheadh sé féin dul go dtí an baile mór chun feiscint déin sórt bróg a bheadh uaidh. An chéad lá eile do chuir sé an cat isteach i mála agus do thóg sé leis é go dtí an baile mór.
    Nuair a d'airigh na madraí an cat ag caint istigh san mála do bhíodar ag rith timpeall agus nuair a d'airigh an cat na madraí amuigh "Ó, am mháistir" ar sé "ná scaoil amach chun na madraí san mé". Ach do scaoil an fear amach é agus do chur san deire leis a gcat. Do chuaidh an fear abhaile dó féin agus níor chuir aon rud aon trioblóid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.