Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”
  5. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí fear ann fadó. Oíche amháin chuaidh sé síos go dtí an lios. Bhí cóta dearg agus bríste bán air. Bhí bróga glasa air.
    Chonaic sé sean sighe istigh sa lios.
    "Cá bhfuil tú ag dul?" arsa an fear síghe leis.
    "Táim ag dul ag obair" arsa an fear.
    Chuaidh sé abhaile anseo. Bhí sé ana-dhorcha.
    Nuair a bhí sé ag dul isteach an geata chonaic sé sprid. Bhí cóta mór bhán air. Bhí solus ar lasadh istigh 'na shúile. Do leig an sprid scréach as agus do chuir sé ana-eagla air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bhí fear ann fadó. Bhí sé pósta. Bhí beirt mhach aige. Bhí ana-chuid airgid aige leis. An oíche seo chuaidh sé suas go dtí an tigh ósta.
    Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé an-dorcha. Chonaic sé sprid. Bhí cóta mór bán air. Chuir sé eagla ar an bhfear. Rith sé abhaile ach lean an sprid é. Nuair a chuaidh sé isteach sa tigh bhí a bean tar éis báis. Dúirt sé leo cad do bhain dí. Dúradar gur chuaidh sí amach. Nuair a tháinigh sé isteach shuí sí síos ar an gcathaoir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.