School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0027
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na searbhóntaí an sgéal dóibh. Lá amháin annsin bhí buachaill aimsire an Ríogh ag tabhairt aire do cheithre mhuc sa ngarraidhe. Ba gearr go dtáinig fear go dtí é agus thug sé feadóg dó ar cheann de na muca. Nuair a tháinig sé abhaile go dtí an Rí bhí an rí feargach leis. An dara lá bhí sé ag tabhairt aire do na muca tháinig an fear aríst agus thug sé mada mór dhó ar cheann eile de na muca. Nuair a tháinig sé abhaile aríst go dtí an Rí bhí an rí feargach freisin mar bhí sé an chéad oidhche.
    An tríomhadh lá chuaidh sé amach aríst leis na muca agus thug an fear seo madad eile dhó ar cheann de na muca. Nuair a tháinig sé abhaile go dtí an Rí dubhairt sé go ndíbhreóchadh sé é dá ndéanadh sé aríst é. An ceathramhadh maidin nuair a chuaidh sé amach leis an t-aon mhuc eile tháinig an fear aríst agus thug sé madadh mór eile dó ar an muic agus thug sé a bheannacht dhó. Nuair a tháinig sé abhaile dhíbir an Rí é.
    D'imthigh sé leis agus thug sé na trí mhada agus an fheadóg leis. Bhí sé ag imtheacht leis nó go dtáinig sé go teach a bhí an mhór. Ba teach fathaigh a bhí ann. Chonnaic sé an inghean ba shine a bhí ag an Rí ann. Daithnigh sí é agus dubhairt leis theacht isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Conghaola
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Táilliúir
    Address
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe