Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)annsan beagán eile laéthannta agus chuir a’ t-athair i bhfís errthi, ar seisean léi an miar a thusáint do. Do dhiúlthaig sí dho ach do rug sé errthi agus do bhuin sé an ceart d’á méir agus chonnaic sé an fáinne.
"Seadh ’nois, mo chailín maith," ar seisean, "sin ar chuir do mháthair de mhoill orm-sa chun pósta, bean ’fhághailt go mbeadh a’ fáinne oiliúnach di agus caithfir-se me ’phósadh anois". Seadh, do chroum sí
ar ghol agus do bhí sí a’ briseadh a croídhe agus nuair
a chuaidh sí a chodla istoidhche ní h-a’ codla bhí sí ach fáin ag gol agus bhí sé a briseadh a croidhe ar fad nuair ná fiadtach sí dul amach ad iarraidh ná cloisfeadh a’ t-athair í. Ach i ndeire na h-oidhche amach do labhair guth léi agus ’sé an nídh
a dubhairt a’ guth, "níos túisce ná ’phósfainn-se m’athair", ars a’ guth, "do chuirfinn d'acht air gúna síoda a sholáthar dom ar dath an airgid bháin.
Seadh! do chuir san misneach ar an ingin annsan agus do chodail sí an chuid eile dho’n oidhche, agus amáireach nuair a eirigh sí, ar sise le ’n-a h-athair n...phósfadh sí é chun go soláthruíoch sé gúna síoda
dhi, do bheadh ar dath an airgid bháin. Do bhuin
san lá agus bliadhain d’á h-athair an gúna a chur(continues on next page)