Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)gúna a sholáthar di sar a bpósfadh sí é, agus
do bhuinn san lá agus bliadhain arís de sar a raibh a’ gúna curtha le ’n-a chéile aige. Seadh,! nuair a bhí an gúna curtha le ’n-a chéile aige do thug sé cuichi é, agus bhí an oidhche sin cómh brónach is bhí na h-oidhcheannta roime sin aici, agus i ndeire na h-oidhche amach do labhair a’ guth léi, agus ’sé an nídh a dubhairt a’ guth léi: "dá mbeinn-se. mar tu", ars a’ guth, "do bhaileóinn suas mo chuid iadaig i dteannta ’chéile i n-aon mhála amháin agus d’imeóin ar fuaid na dúthaíghe níos túisce ná phósfainn m’athair, agus ní beadh aon tuairisg aige le fághailt ar maidin orm." Seadh! D’eirigh sí as a’ leabaidh agus do chur sí a cuid iadaig a dteannta chéile i n-aon mhála amháin agus d’imthigh sí errthi ó’n dtig tríd an oidhche agus do shiúbhal sí cómh fada agus d’fhiadh sí é, agus casadh
isteach go coíll í agus do chaith sí an lá anonn 's anall thríd a’ gcoíll agus ná fiadfadh sí ghabháil amach aistí. Bhí sí annsan chun go dtáinig an
oidhche errthi insa choíll agus i gcionn tamaillín ’on oidhche do
chonnaic sí solus bhuaithi - tamall bhuaithi insa
choíll, agus do dhin sí fé dhéin a’ t-soluis.(continues on next page)