Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)dh’áirighthe inghean a’ ghárneóra a bheathúghadh ná
pósfadh sé féinig í, is ar seisean lé duin’ eile ’ca mac an - (cad a thabharfaidh mé air), mac
an bheirt léaraí a bheathúghadh, agus le duin’ eile ’ca mac
duin’ eile a ainmnig sé a phósadh - a bheathúghadh
a’s go bpósfadh sé féin a’ Cóitín Luachra. Bhailíodar - thugadar chuireadh do bhocht agus nocht
annsan go dtí an pósadh agus do phós sé an Cóitìn
Luachra is do mhaireadar go tábhachtach chun go dtí go bhfuaireadar bás. Siné mo scial-sa is má tá briag ann bíodh. Ní h-ao’ bhriag dómh-sa é ach seo mar a chuala é. - Bhí bainntreabhach bhocht fudó ann ná raibh aon t-slíghe bheatha aici ach bheith a baileacha agus do bhí aon mhac amháin aici gurbh ainm do
Seán, agus baileacha prátaí do bhíodh sí san am san - ní raibh muarán eile le fághailt aici ach í-
agus cómh tiubh is do bhailíodh sí na prátaí do bhídís ithte ’ge Seán, agus do bhí Seán ag eiriúghadh(continues on next page)