Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 036

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)

    an
    ir
    4)
    A’
    lan
    36
    leis a chapall iallaite agus chuaidh go dtí an fhairrge.
    níor aithn aonne i rith na h-aimsire céirbh é.
    féinig is do tháinig sé ag - go dtí an áit go raibh a’
    cailín óg ’n-a shuidhe, agus leog sé - bhí smacharnuíol
    codlata a’ teacht air annsan, nuair a chualaidh
    sé na daoíne ’á rádh go raibh an phiast a’ teacht."
    do bhí gach aonne a’ rith amach ó’n bhfairrge ar
    eagla go mbirfadh a’ phiast orrtha. Phreab Sean
    ar a chapall agus do dhruid sé amach sa bhfuirm
    gur dhin sé na laétheannta roime sin, agus nuair
    a fuair sé an piast tagaidhthe isteach ar slíghe
    is ná raibh aon bhaoghal air bhuaithi, tiomáin
    sé errthi arís, agus dhírigh sé ar bheith a ghabháilt
    tre ’n-a cliathán go dtí gur shrois sé isteach
    go dtí an croide aici. Thug sí a chuid fola
    annsan,g nuair a thug sí a chuid fola un is
    fuair sí bás. Tháinig sé aníos annsan =
    fh sé leis a’ gcailín óg bheith a’ dul abhaile
    ná raibh ao’ bhaoghal errthi go brát arís, -
    nuair a bhí sé ag imtheacht do shnap a’ cailín
    óg ceann dá bhróga dhe - bróga ísle bhí air-g
    do choinngibh sí i. Seadh bhí sí le fághail le
    pógadh annsan ag an t-é go ’liúnóch a’ bhróg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 November 1935
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant