Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)ceathair diag nó cúig diag 'o bhliadnaibh, agus
ana- scialadóir a b’eadh Donnchadh - d’ínnseadh
sé muarán scialta dhúinn, ach táid siad caillte anois againn, cuid aca dá'r chualamair aige. Críochnuígheann san mo scial. - Am fudó nuair a bhíos-sa a’ dul go dtí scoil 'sé an máighistir do bhí againn, Pádraig Ó
Churráin do bhí ’n-a chómhnuidhe ar Chíll A’ Ghoirtín. Dubhairt sé linn go dtáinig Dane am fadó fé dhéin na h-Éireann ’á dtriall i dteanngacha. Bhí gobhtha aige thré aon chonndaé diag i n-Éirinn agus bhíodar go léir chúrtha fé chois aige, a’s
bhí súil le é ’theacht i gCiarraíghe. Níor bh’fhios
ciaca an bothar theas nó an bothar thuaidh do
thiocfadh sé, agus Cuireadh Eoghan ar cheann
desna bóithribh.
Cuireadh Eóghan ar cheann desna bóithre agus fear(continues on next page)