Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)44
do
40
gurbh ainm do Seán husach. Do bhí gaol aige le
Mac Uí Churráin, agus do chuaidh sé féinig agus Tomás
ó Dúlain agus beirt dosna braonánaig lá a’ buinnc
mhuir amach go Puínnte na mbárc le bád.
bhídís a’ bhuinnt muir dirig ins an am san-
ní raibh aon leasú eile - aon leasú siopaidhthe,
le fághail. D’eirig a’ lá orrtha agus do thugadar
fé theacht abhaile a’s ní rabhdar ábhal air. Bhí
fear ar a’ gCoirreán san am san gurbh ainm
do bhleninti agus fuair sé ceathrar fear a’s bhí
sé chun dul ’n-a gcoinnibh agus choimeádadh ná
dulaí uaidh ar feadh a bhfad ar eagla go
mbáithfí é. Nuair a- fuair sé na dulaí
go h-áirithint is do chuaidh sé amach é féin ’s
a’ ceathrar fear is do thug sé an criú saor
leis. Do dhin Seán husae seo, an file, annsan
do dhin sé trí nó ceathair a bhéarsaí dhóibh.
Tráth is me go faon," fhsé,
i dtonntacha go traochta.
Is me i mbaoghal bheith báidhte,
Do bhí brudaig ar a’ gcé
nár chlú do Chlannaibh Gaédheal
Dar liúm gus gur thréig na grástaibh.(continues on next page)