Agus leabhar na marbh go léighfinn
le taithneamh do’n Lady Iveagh.
'S ní chloisim ceól lachan ná gé ann
Ná fiolar ag éighimh cois cuain,
Ná fiú na mbeach ann chun saothair,
Thugadh míl agus céir do’n t-sluagh.
Tá ceól bínn mílis ná n-éan ann,
Ó lé h-amharc an laé bhreith uainn
Ó’s tá an cuaichin ar búrraí na gcraobh ann
Do chuirfeadh an saoghal chun suain.
Ó’s tá smuit a’ titim ar ghéagaibh.
Ná tríomuíonn a’ ghaoth ná an lá,
Tá ceó ’gus scamaill ó’n spéir ann
Agus gainnimh ’á shéide ar tráig.
Níl coll, níl cuileann, níl craobh ann.
Ach clocha ’gus maol thúrtáin,
Ó's tá páirc a’ phaddock ’á raobadh
'Gus d’imthig ár ngéim chun fáin.