Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)b'eadh é seo.
- Chómhnuig ministir fudó ó shoin de shaoghal annso ar a’ gCoinreán, b’é sin aimsir na
ndeacha. (Seadh! right away). Bhíodh ministrí a’ bailiúghadh deacha an uair sin agus an naomhadh leabaidh desna ga’ h-aon chuireadóireacht dá mbeadh agat a’ dul dóibh, agus do cheapadh muarán aca go raibh sé ana-chruaidh orrtha
an naomhadh leabaidh a thabhairt do’n mhinistir agus bhíodar dóthanach go leór díobh, é bheith d’fhiachaibh orrtha bheith a cur phrátaí
agus thurnapaí agus gubáiste is ga’ h-aonní bhuinneas leó, mar a dtabharfaidís é sin, an oiread san airgid. Do tháinig beirt fhear
oidhche ’osna h-oidhcheanncaibh agus do bhriseadar a’ dorus isteach ar thig a’ mhinistir agus ’sé an áit
go raibh a’ ministir ’n-a chómhnuidhe san am san
tamaillín anuas ó’n hotel - Hotel Bhutler Arms, agus bhí muarán tighthe beaga ins an am(continues on next page)