Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)'tá 'dir Oileán A’ Teampaill agus a’ talamh ó’n dtaobh thuaidh.
- Bhí dhá bhráthair ann fudó agus ’sé an áit go rabhdar ’n-a gcómhnuidhe thiar age Teampall Bhaile ’n Sceilg, agus bhíodar ana-bhocht - ní raibh
aonní lé n-ithe ’ca, ag a’ lá so ní raibh aonní aca ach leath- saucepan mine agus do thóg an
bráthair óg é go dtí tig Áibhis chun go bhfaigheidh sé lán a’ t-saspuin de phruiseach [b’eadh,
bean a’ b’eadh Áibhis, b’eadh] ach chaith Áibhís isteach sa choire an leath a’ t-sáspuin mine
seo agus nuair a bhí an phruiseach ollamh níor
thug sí dho’n bhráthair ach a’ lán gciadna thug sé uaidh do’n mhin agus tháinig sé abhaile
go dtí an bráthair eile leis agus d’óladar araon i n-aénacht é agus ní raibh aonní ’ca
annsan i gcómhair na maidne, agus ars a’ bráthair óg ar maidin: "Ní chuirfidh mé as mo chroidhe," ar seisean "ná as mh’ínntin go bráth an slíghe(continues on next page)