Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 345

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raghadh aon cheann aca isteach dóibh ná ceann
    Seadh, thángadar sa yard ’n-a ndiaidh is d’imíodar aríst is thrialladar iad is mar a chéile
    a b’eadh é, ní raghadh - ní leogfí isteach iad.
    Seadh, tháinig sé seo abhaile is bhí na h-áinmhidhthe go léir sa yard roimis. Dheaghaidh sé
    isteach is d’fhiafraigh sé dhíobh ca’ ’n-a thaobh nár chuireadar na ba sa pháirc sin d'airighthe is dubhhadar ná raghaidís isteach do-dóibh.
    Thóg sé leis cleich is gadhar a bhí aige is thomáin sé na ba go dtí an geata is ní raghadh aon cheann aca isteach. Phreab sé féin isteach thar gheata, is amhal a bhí mo sheann-draoí istig cois a’ gheataig. "An tusa a’ coimead na mba amach anocht," ar seisean. "Is mé go maith,"
    ar seisean. "Cadé an réasún atá leis sin agat?," ar seisean. "Tá, bhí'os agam go dtagfá-sa, is tusa tá bhuaim teacht leó leis. Chomáin isteach anois iad" ar seisean , "is tacfaidh siad". Seadh, chomáin, is tháinig na ba isteach. "Cad a b’áil leat
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant