Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)is tháinig sí abhaile ’n-a h-áit féinig is d’fhág sí - d’fhágadar a’ capall aige is bhíodar féin ’s a’
seann draoí cómh muar d’friends is bhíodar muar dtímpal a’ domhain. Siné mo scial-sa agat, a mhic ó, a sheana bhuachaill, is ’nis aríst é![Cheistígheas an scéalaídhe i dtaobh cé uaidh gur chualaidh sé an scéal so ach níor b’fhéidir leis é thabhairt chun a chuímhneamh ach go gcloiseadh sé ar siúbhal ag sean daoine fudo é.] - Do bhí buachaill mar sin a’ máirseáil fudó is dócha gur minic a bhí is a bheidh go deó agus táid anois leis, agus amach tímpal a’ t-aon uair ’iag san oidhche bhí sé a’ tacht abhaile agus do bhuail a’ diabhal leis - cuirimíd Dia 'dir sin is é. Seadh, chainntig sé é agus dubhairt sé leis é bhreith ar a dhrom leis go dtí an
tig ba ghiorra dho. Dubhairt sé leis go dócha go raibh
sé ró-throm. Seadh, bhuail sé ar a dhrom é.(continues on next page)