(continued from previous page)
muar ó shoin de shaoghal is dócha suas le tímpal
trí fichid blian ó shoin gurbh ainm do Donncadh Muar
ó Súillobháin agus do bhí scialta Fiannaidheachta aige agus
muar-chuid aca agus d’innis sé dómh-sa iad agus táid
siad ar fad dearmhadta ’gam; ach arsa sé liom agus le
cuid mhaith im’ iaghmuis go raibh fear siúbhail un
a’ gabháil a’ t-slíghe fé mar a bhíodh a leithéidí agus nuair a fuair sé críona do stad sé i dtig
agus ar sé le fear a’ tíghe: "ba maith liom," ar seisean,
uadhacht a dhianamh". "Cad chuige an t-uadhacht arú?,"
arsa fear a’ tíghe. "Ó, is baoghalach liom go mbeidh
mé - gur ró-gheárr go raghaidh mé ar a’ dtaobh eile
agus do bheadh súil agam", ar seisean, "go mbiarfá-sa
amach mh’uadhacht ’á ndineadh aonne é." "Well go deimhin," ar seisean, "dianfaidh mé mar adiarfá."
"Well, táim ’á chuir de cheist de bhreith agus de muar-ualach ort," ar seisean, "mh’uadhacht a innsint dos ga’ h-aonne gheóbhaidh a’ t-slíghe, agus ’sé uadhacht é sin", ar seisean, "níl sé fada: mo corp ’on talamh,
m’anm do Dhia, agus an t-suimineach do Mhác Amh-
laoibh," agus is dócha go dtáinig iongna ar fhear a’ tíghe nuair a chualaidh sé an t-uadhacht nú
cad chuige nú cadé an cúram a bhí ag aonne
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.