Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 459

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    459
    ó ’Seadh, Conán Maol go raibh milleadh na Féinne,
    aige agus níor maith leó é- ’sé milleadh an armáil
    go léir a bhíodh a’ teacht treasna errthi ar na
    h-árthaíghe. Ní dhineadh sé ach a lámh a chuir
    i n-áirde - ní dhineadh sé aonní ach a lam a
    chuir ináirde agus do mhúctí iad eile go léir.
    Ó, mharbhófí fudó Conán - b’é an fear ba
    suaraíghe bhí ar a’ bhféinn é. b’é. Cá ngeobhadh
    an fear a tháinig go dtí Gráinne nuair a bhíodhar
    ag sábháilt an fhógmhar sa Phriaireacht gar
    chonnaic sí an saoghal go léir fé ’n-a dhá chois
    is ní raibh aon rodharc ’dir é sa’ t-aér. Bhí.
    Fionn - "chuir sa cliabhan me" fsé, "gí tacfaidh,
    sé isteach agus marbhóidh sé me." Lery wcll, do
    to tháinig sé isteach is d’fhiafraigh sé dhí ca
    raibh Fionn agus an féinn. ó sí leis go rabhdar
    siar sa Phriaireacht a’ sabháil an fhógmair ar
    a’ taobh siar d’Éire. "Well," f sé, "cadé an
    t-eiercire a bhionn aca nuair a thagann
    siad go dtí an tig?" Gullán muar go raibh
    ireadh cnuic inntí ’a bhí sa yard, í sin a
    stalladh as a priamhacha agus í chaitheamh siar
    thar a’ dtig agus a bheith thiar ’n-a chóinnibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant