Éachtra Dhómhnaill Uí Mheára (Donnchadh Moriarty a b’eadh é) le ’n-a bhean. Chailleadh é agus nuair a bhí sé marbh dhin sí mairbhin do - [táiliuir a b’eadh é. Chailleadh é is é in’ fhear
óg a dhuine. Bh’fhiceann tú Moriarty sin thiar - Diarmuid Moriarty, athair sin. Bhí scialta aige le h-aonne a chualaís riamh*]
Fear a b’eadh é séo go dtugaidís Dómhnall Ó Meára air agus cailleadh é agus nuair a bhí sé
marbh do bhí a bhean a dhianamh caoíneadh do:
Mo léan tu, a Dhómhnaill Uí Meára,
Thugteá an ceann ba reamhaí’ dho’n mhaidhe dhom agus an ceann ba chruada
dho’n leabaidh dom agus a’ ceann ba chaoile
’on bheatha, agus mo léan tu a Dhómhnaill Uí Mheára.
*do mheasc an scéalaídhe an t-eachtra agus cúntas ar an scéalaidhe go mbíodh an scéal deireannach aige ar a chéile annso.