Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 469](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_469.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 469
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)siné a dheire anois agat. [Ó, cé h-é siúd anois arú a ’nis é sin dom. Ó, ’neósfad-sa duit go maith é, lad atá marbh le fada - duine ’osna Moriarties a bhí thiar i Míl a’ Ghuilín, táiliúir.
- Éachtra Dhómhnaill Uí Mheára (Donnchadh Moriarty a b’eadh é) le ’n-a bhean. Chailleadh é agus nuair a bhí sé marbh dhin sí mairbhin do - [táiliuir a b’eadh é. Chailleadh é is é in’ fhear
óg a dhuine. Bh’fhiceann tú Moriarty sin thiar - Diarmuid Moriarty, athair sin. Bhí scialta aige le h-aonne a chualaís riamh*]
Fear a b’eadh é séo go dtugaidís Dómhnall Ó Meára air agus cailleadh é agus nuair a bhí sé
marbh do bhí a bhean a dhianamh caoíneadh do:
Mo léan tu, a Dhómhnaill Uí Meára,
Thugteá an ceann ba reamhaí’ dho’n mhaidhe dhom agus an ceann ba chruada
dho’n leabaidh dom agus a’ ceann ba chaoile
’on bheatha, agus mo léan tu a Dhómhnaill Uí Mheára.
*do mheasc an scéalaídhe an t-eachtra agus cúntas ar an scéalaidhe go mbíodh an scéal deireannach aige ar a chéile annso.(continues on next page)