Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- Do bhí beirt drithár de ghaibhnibh sa bhaile go
gcómhnuíghim-se, agus beirt d’fhearaibh de Mhuíntir
Mh’ruchadha a b’eadh iad san [ó ba chuímhin liom iad - do bhí aithne mhaith agam orrtha ó bhíos ocht mbliana d’aos. Ó, is fada dhóibh caillte. táid siad caillte le muarán bliadanta - is dócha go rabhdar leath-chríona san am go raibh aithne
agam-sa orrtha]. Well do chonnac iad san agus do
cuireadh ad iarra’ ramhainne me féinig agus ní rabhdar dianta agus chaitheas teacht thar n-ais ag do chuaidh duine ba shine me fé ’n-a ndéin agus ’dir
mise dhul abhaile agus an fear eile ’dhul chun cínn - bhí tig an óil cóngarach do’n cheárdchainn - do bhí sé thréis leath phiúnt fuisgí a thabhairt chun duine
'ca, agus dá bhfanfainn-se do dhianfadh sé mo chuid
féin, ach chómh luath agus do fuair sé an fuisgí do dhírigh sé ar ramhainn an fhir eile agus do chaith mo dhritháir-se fanúint ann go dtí maidean gheal a’ laé ’n-a dhiaidh sin, do bhí sé
ró-dheireannach chun teacht abhaile agus bhí an bheirt
ar dhá gceann na ceárdchann agus iad a’ dianamh(continues on next page)