Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)568
thug sé dheich púint is dachadh de dho chun óil.
dhineadh na gaibhne sa t-seana shaoghal muarán
Éireann áisiulacht - rudaí theastuíoch ó fheirm-
eoiridhthe agus ó dhaoine bhíodh i mbun tíghe. "Siad
a dhineadh na bocáin do chuirtí ar na dóirse
í na tuislí do théidheadh ar na bocáin- leó
san a h-iadtí an chómhla i muarán Éireann
rudaí úsáidheach de’n t-saghas san agus dhinidís
airmreacha eile bhí ana - mhaith go léir go dtug-
aimís sleághain orrtha a buinneadh móin, g
do b’fheárr ceann aca san chun móna ’bhuinnt
ná n’fheadar cad diarfainn an méid desna
sleághain seo atá teacht ó’n siopa anois. Tá an
stuif ró- bhóg ionnta agus táid siad ró-bhial-leathan
bhídís dianta sa t-sige ceart i ndiaidh an ghabha,
i ní h-eolach dom - tá gabha ar a’ dTaramhain
i mbaile go nglaodhaidh siad a’ Taramáin air, le
hn-ais a’ Coirreáin, agus dhianfadh sé fo- cheann
aca fós, agus b’fhusa leath dhá lá, trí lá, a
thabhairt a’ bhuinnt mhóna leis sin ná aon lá
amháin le sleághan a’ t-siopa mar tá sé ró-
bhial-leathan agus níl faobhar ná stuif un fé
mar atá a sleághan a’ ghabha, agus ní h-eolach don(continues on next page)