Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 511

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 511

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ó
    36
    1
    511
    chun
    éin i gcómhnuidhe a’ dul go Corcaig, agus bhíodh muarán
    seirbhíseach aige a’ bailiúghadh na nialfartaíghe seo
    amach is na cnocaibh -ní raibh sí le fághail i n-ao’
    bhull mín - tíorach ach rud gan áird. Ní fhásadh sí
    i n-ao’ bhull ach i dtalamh thirm. Ní bhfaighfá go deó
    i dtalamh sléibhe í - gheóbhfá dhá mbeadh talamh ard
    cnopach thirm sléibhe un, d’fhásfadh sí un, ach níl
    aon áit is fearr ’fhásfadh sí ná i’s na cnocaibh,
    mar is dócha gurb ann is mó bhíodh sí agus ’seadh
    is lúgha go mbíodh aonní ’dianamh aon ghrubhairt
    errthi ná aon díth dhi, agus tá choíll agus tá sí fós un
    i n-áit go dtugaidh siad an Cathair Bheárnach air,
    tá soill daraíghe annsan agus is geall leis gur
    cuímhin liúm-sa - bhíos beirtha go h-áirithint é-g
    n’fheadar ciaca ba chuímhin liom na h-ualaíghe
    ’bheith
    bídh ag imtheacht aistí nó an mhuíntir a bhí
    ’á mbreith chun siúbhail ’á ínnsint dom - is dóigh
    liom gur cuímhin liom nó go bhfeaca iad, agus bheiridís
    sin tonna weight de sin go Tráigh lí ó bannc
    na Cathrach bearnaíghe, de chort na daraíghe, "
    ní raibh aon scannradh ach an t-airgeadh a dhineadh
    de’n choíll dharaíghe seo bhí fg Cathair Beárnaig g
    leis na dportsuas a b’eadh an áit san am
    1). baile atá tuairm is trí mhíle ar a dtaobh thoir thuaidh de’n
    choirreán, ar a mbóthar go Cluain tachlainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant