Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0006

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    6
    Mhúsgraighe ab’ eadh í ach admhuighid siad uile gur sa sémhadh
    aois do rugadh í. Ní fuláir nú bhí fuil uasal éigin innte
    de réir na sean-sgéalta agus deirtear gur fhág sí an
    baile agus í ana óg. Deirtear gurab amhlaidh a tháínig
    aingeal chúiche agus í na codladh agus gur órduigh sé dhi
    bheith ag siubhal léi go dtí go bhfaghadh sí naoi gcinn d’fhiadhnaibh
    bána i dteannta a chéile agus clochar a thógaint insan
    áit sin.
    Ní fuláir nú gur cailín ana naomhtha í agus a rádh gur
    tháinig aingeal ó dhia ag triall uirthe. Seadh, do chomáin
    sí léi agus níor dhein sos ná cómhnuidhe go bhfeacaidh sí
    trí cinn d’fhiadhnaibh bána le chéile. Deirtear gur i
    bPortláirge do thuit san amach agus glaodhtar Cill
    Ghobnatan ar an áit sin go dtí an lá atá indiu ann.
    D’fhan sí tamall insan áit sin ag guidhe chun dé agus seo
    chun siubhail í airís go dtí go dtáinig sí go Cluain
    Droichid i gConntae Chorcaighe. Do bhuail uime annsan
    sé cinn d’fhiadhnaibh ar aon dath agus do thug sí tamall
    eile insan áit sin agusí ag guidhe.
    Seo chun siubhail airís í go dtáinig sí go dtí na
    Cillíní i mBaile Mhic Íre agus nuair a fhéach sí uaithe
    anonn ar Ghort na Tiobradan do thug sí fé ndeara
    naoi gcinn d’fhiadhnaibh bána insan áit sin.
    Do chaith sí í féin ar a glúinibh agus do thug buidh-
    eachas ó chroidhe do Dhia a thug an treo san í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant