Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0053
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí fear ann fadó agus do thárla go raibh droch-chlú air...”
53
Do bhí fear ann fadó agus do thárla go raibh droch-chlú air
ag na sagairt go h-áithrighthe agus do thuit sé breoidhte
is do fuair bás taréis tamaill.
D’fhan an sgéal ar an gcuma san go dtí go
raibh seanmóin dá tabhairt uaidh domhnach áithrighthe ag
sagart na parróiste agus do dhein sé an duine marbh
do tharrac isteach sa chainnt ar chuma éigin go
nDubhairt sé go raibh an fear san i n-Ifreann an
lá céadna. "Agus anois," arsan sagart, "déanfaidh
mé fios do chur ar an bhfear san féachaint cad
tá le rádh aige."
"A Chian a Chian," arsan sagart, "má thá'n tú
annsan cuirim d’fhiachaibh ort labhairt linn agus innis
dúinn cadé an saghas saogail agat é."
Do thosnuig an fear a bhí marbh agus dubhairt mar seo:
"Mise Cian na mbeann óir.
Ba shia é mo lán ná mo shaoghal
Níor chuireas duine as mo thig
Is níor cuireadh mise a tigh dé
A dhuine úd do thug an bhreith
Is nár fhanais-se le breith Mhic Dé
Ins an áit gur cheapais mise chur
Is ann do cuirfear tusa féin!"