Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0028
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí táilliúir na Samhna...”
28
Do bhí táilliúir na Samhna ag obair thall ar Seana
Chluain uair amháin agus do chnósuigheadh na cómhársain
isteach sa tigh gach aon oidhche ag sgoruidheacht agus
ag caitheamh aimsire dhóibh féin.
Mar seo oidhche do dheineadar tagairt do phúcaí
agus dubhairt cuid aca ná raibh a leitheidí ann i
n-aonchor. Dubhairt tuille aca go raibh agus mar
sin de. Fé dheire do labhair táilliúir na Samhna
ón mbord agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé geall
ná raibh fear sa tigh a raghadh anonn go dtí an roilg
agus a thabharfadh plaosg leis isteach cúcha.
Do tharraing sé púnnt as a phóca agus do chuir ar
an mbórd é. Ní raibh aoinne ann a chuirfeadh an
geall leis ach aon fhear amháin agus dubhairt sé sin
go raghadh sé ann aon tráth den oidhche ba mhaith leis.
D’eirigh sé ’na sheasamh agus seo amach an dorus é agus
ceann ar aghaidh go dtí an roilig
D’osgail gach aoinne a shúile agus do bhí eagla ag teacht
ar an dtáilliuir go mbéarfadh sé leis an ceann agus
go mbeadh a phúnt caillte aige.
"Dar fiadh," ar seisean, "níl agam ach an t-aon
phúnt amháin sin agus má chailltear é táim creachta.(continues on next page)