Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)8
ag tuitim agus gan aoinnídh bun os cionn leis.
Ba ghearr gur bhailigheadar leo féin as an áit ar
fad agus níor h-airigheadh a thuilleadh uatha.
Innstear alán eachtraí mar gheall ar an ngaduidhe
dubh, sé sin saor do bhí ag obair do Ghobnait le
linn na h-aimsire sin. Do bhí eagla ar an bhfear
so ná díolfaí é as a chuid oibre agus do bhí sé ag
cur is ag cúiteamh féachaint cad dob fhearra do a
dhéanamh chun teacht suas le n-a chuid féin.
Do bhí capall bán ag Gobnait agus do bhuail
smaoineamh é gur mhaith an rud an capall so do
ghoid uaithe. D’fhad sé le oidhche ana dhorcha agus
seo chun siubhail é leis an gcapall bán.
Níor dhein sé stad ná cómhnuidhe ar feadh na
h-oidhche ach ag gluaiseacht air go h-éasgaidh i
dtreo go mbeadh slighe ana fhada idir é agus Gort
na Tiobradan nuair a bhéarfadh an lá air.
Fé dheire do tháinig an mhaidean agus cá raibh
an gaduidhe ach insan áit go raibh sé an
tráthnóna roimis sin. Is amhlaidh do thug sé an
oidhche go léir ag gabháil tímpeall an chlochair i
n-ionad bheith leathchéad míle ó bhaile.
Ní innstear cad a thuit amach do ina dhiaidh san ach
tá gearradh cloiche ar dheallramh an ghaduidhe le feis-
gint fós i dteampall Ghobnatan.(continues on next page)