Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0009

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Uair éigin do thuit dream saighdiuirí fogha nimhneach fé bhaile
    Mhúirne agus do bhíodar ag creachadh rómpa go fuadrach
    chun gur chuir Gobnait Naomhtha stop leo.
    Do bhí beacha aici agus do leig sí chun siubhail iad i
    ndiaidh an airm. Do dhein saighdiuirí des na beacha san
    agus do chuireadar dearg-ár ar na stróinséirí.
    Uair eile do bhí pláigh mharbhuightheach ag gabháil tímcheall agus
    do bhí eagla a gcroidhe ar mhuinntir Bhaile Mhúirne go
    nglaodhfadh an phláigh seo chúcha agus do chuireadar féin fé
    choimirce Ghobnatan. Do ghlac sise truagh dóibh agus
    do ghluais sí uirthe amach ar bharr chnocáin agus do
    dhein mar a bheadh fíoghar nú fáinne mór-tímcheall
    le maide a bhí na láimh aice. Do ghuidh sí an
    phláigh d’fhanamhaint taobh amuigh den bhfáinne sin
    a thug isteach an baile go léir. Níor thug an phláigh
    aon chuaird isteach thar an bhfáínne sin agus ní
    misde a rádh ná go raibh muinntir an bhaile go buidheach
    beannachtach dá chionn. Tá áit i mBaile Mhúirne
    fós go dtugtar Goirtín an Phláigh air.
    Tá peictiuir den Naomh le feisgint fós i mBaile
    Mhúirne agus do bhí buadha iongantacha ag baint leis an
    bpeictiuir sin i dtreo go dtógtaí a bhfad ó bhaile é
    uaireannta.
    Do bhí buadha leighis ag baint leis an mballa leis agus
    do bheireadh daoine leo é go minic chun daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant