Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0010

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    10
    breoidte agus ainmhidhthe breoidhte do leigheas.
    Uair amháin do thóg Protastúnach leis an bolla san
    chun é chimilt do bhó bhreoidhte a bhí aige agus nuair a
    bhí san déanta aige do chuir sé an bolla isteach i
    dtrúnca. Nuair a chuaidh sé go dtí an trúnca
    lá’r na mháireach ní raibh tásg ná tuairisg an bholla
    le fagháil ann. Do bhí an bolla tagaithe tharnais uaidh
    féin agus é greamuighthe go daingean istigh i bhfalla an
    teampaill. Tá sé ann ó shoin.
    Tuiteann lá fhéile Ghobnatan ar an 11adh lá d’fheabhra
    agus lá saoire iseadh an lá san i mBaile Mhúirne agus
    i n-áiteannaibh teoranntach don bhaile chómh maith san.
    Téightear ar thuras go dtí an teampall an lá san
    agus do deimhin gach lá sa mbliain agus is minic
    a leighiseadh duine breoidhte ann.
    Tá tobar beannuighthe le h-ais an teampuill agus óltar
    an t-uisge sin nuair a bhíonn an turas tabhartha.
    Ní cuimhin le h-aoinne an tobar san do dhul i ndísc agus
    bíonn an t-uisge chómh fuar i lár an t-samhraidh agus
    ag
    a bhíonn sé um Nodlaig.
    Innstear sgéal i dtaobh Protastúnaig a bhí na
    chómhnuidhe le h-ais an tobair sin tráth.
    cach
    Buanaire ab eadh an fear céadna ná raibh meas
    madra aige ar an dteampall ná ar aoinnidh a
    bhain leis. Do thárla ná raibh aon uisge le fagháil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant