Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0011](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0011.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0011
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)11
cois baile uair éigin agus do thug sé órdughadh don chailín
aimsire a bhí aige dul go dtí an tobar beannuighthe
agus roinnt den uisge do thabhairt léi ar an dtobar san
Catoiliceach ab ’eadh an cailín agus ní raghadh sise go dtí
an tobar do. D’eirigh sé ar buile agus seo chun siubhail
é féin agus canna uisge aige ceann ar aghaidh go dtí
an tobar. Do líon sé an canna agus do tháinig
tharnais abhaile de phreib. Do chuir sé an t-uisge
sa chiotal agus do bhuail os cionn teineadh é agus
ach dá mbeadh sé annsan go dtí lá Philib a’ Chleite
ní bheirbheochadh an ciotal.
Fé dheire do thóg sé an ciotal anuas agus dubhairt sé
go ndéanfadh sé a chosa do nighe leis an uisge nuair
sé
ná féadfadh sé aon rud eile a dhéanamh leis.
Nuair a chuir sé a dhá chois isteach san uisge
do dóigheadh go smior an fear bocht agus ba dhóbair
go marbhóchadh sé duine éigin.
Níor bhac sé leis an uisge as san amach.
Insan aimsir céadna agus a mhair Naomh
Gobnait iseadh do mhair Naomh Abán go bhfiul clochar
beag leis le feisgint ar Seana Chluain i mBaile
Mhúirne. Táid ann adeir gur driotháir do Naomh
Gobnait ab’ eadh Naomh Abán agus Crobhdhearg - naomh
eile a bhí i gConntae Chiarraighe le h-ais Chlaedigh.
Pé sgéal é do bhíodar a mbeirt ana bháidhiuil(continues on next page)