Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(continued from previous page)16
thímcheall d’fheisgint go soiléir bhí a leithéid sin
de sholus ann ón dtigh agus níorbh aon iongnadh
san mar do bhí trí lochtaí sa tigh agus é ana
fhada agus ana leathan leis.
Pé sgéal é do dóghadh an tigh agus do séideadh
suas é chómh maith san mar do bhí roinnt bairrlí
de phúdar istigh ann a phléasg nuar a rug an
teine ortha.
An lá na dhiaidh san do tháinig na saighdiuirí
agus na píléirí agus dochuardaigheadar timcheall
an tighe féachaitn a’ bhfaghaidís aon rud a chuir-
fheadh ar thóir fear an tóiteáin iad.
Do fuaradar an gartaer agus an corcán
agus seo chun siubhail iad agus soir go dtí tigh
tabháirne Thaidhg Bháin. Do chuadar isteach
agus do chonnacadr compánach an ghártaera
ar chois Thaidhg Bháin.
Do gabhadh é gan a thuilleadh moille agus do
tógadh go Corcaigh é chun é chur ar a thriaill
i gcúirt an ríogh.
Do bhí an corcán agus na gartaerí i sheilbh
na saighdiuirí agus do chuadar isteach i dtigh óil
i Maghchromtha chun digh a ól.
Do bhí cailín aimsire sa tigh sin agus nuair
a fuair Tadhg Bán caoi cainnte léi do(continues on next page)