Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0017

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...

    (continued from previous page)
    17
    mhínigh sé a sgéal di. "Mo sheasamh anois ort"
    ar seisean, "agus goid an corcán uatha!"
    Nuair a fuair an cailín faill ar an gcorcán
    do sgiob sí léi é agus níor chuimhnigh na saighdiuirí
    air chun go rabhadar cúpla míle ar an dtaobh thoir
    de mhaghchromtha. Do chuireadar giollaí tharnais
    de státh reatha á lorg ach do theip glan ortha é 
    fhagháil nídh narbh iongnadh.
    D’fhág san an sgéal go leamh ag lucht na
    coróinneach ag an gcúirt ach mar sin féin do bhí
    lán a gcroidhe d’eagla ar gach aoinne nárbh fhios
    cadé an droch-chrích a bhéarfadh Tadhg.
    Do cuireadh fé thriail é agus do cuireadh tharnais
    airís i bpríosún é. Do chomáineadar leo ar an
    gcuma san ag tabhairt os cómhair na cúirte é
    agus a chur siar airís go dtí go raibh chúig bliana
    istigh. Annsan do sgaoileadh saor é ach is ar
    éigin a thug sé na cosa leis ó na gcrúcaí.
    Do bhí buachaill aimsire ag Tadhg agus do
    dhein sé an t-amhrán so leanas nuair a bhí
    Tadhg fé ghlas:
    Is orm do bhí an máighistir fairsing fial fáilteach
    Gurbh ainm do Tadhg Bán Ua Tuama
    Do bhíodh saill ar an chlár is gach ceann
    súirt is fearr
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant