Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0018

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...

    (continued from previous page)
    18
    dá thabhairt do lucht fáin gan aon dualgas
    Beirim-se an barr do ar a bhfeaca d’fhearaibh tábhairne
    dá bhfuil insa lámh do cé’r mór iad
    Ó chrois bhéil-a’-GHearrtha go cuan geal Chionn tSáile
    is tímcheall na Blárnan do chuardach
    A bhuachaillí sin tánn sibh tuirseach tinn tnáithte
    gan fuinneamh nbhúr gnámhaibh ná luadar
    Is má thigeann an mádh so i gcoinnibh Thaidhg Bháin
    Is go gcuirfear thar sáile é an cuaird seo
    Lá bruighne sa t-sráid cé thógfaidh bhúr bpáirt
    ach gach duine insa tár bhúr mbualadh
    Ach abhaile cúghainn má thráchtann ár bpreabaire sáir-fhir
    sin feasda is gach áit an buadh linn
    Ba chóir dhom a rádh gurab é seo an chéad iarracht
    tortamhail a dineadh ar na deachmhadhain do chur síos
    i n-Éirinn agus b’iad muinntir Bhaile Mhúirne
    a bhris cómhacht na nGall chómh fada agus a théigheann
    sgéal na ndeachmhadhan pé’r domhan é.
    D’imthigh Morgain as an áit agus ní bhfuarathas
    aon tuairisg air as san amach. Do bhí buadh eile
    leis ag an iarracht san a deineadh i mBaile Mhúirne
    agus isé buadh é sin ná gur chuir sé deireadh leis an
    mbruighean a bhíodh idir mhuinntir Loingsigh agus muinntir
    Thuama. Do thánadar le chéile chun an gníomh so a
    dhéanamh agus do réidhtigheadar le chéile as san amach.
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant