Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0019

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...

    (continued from previous page)
    19
    Ag seo tuairisg ar an Sullán - an abha is sia agus is
    leithe dá bhfuil i mBaile Mhúirne. Is ag dul i leithead
    atá sí ó fhágann sí Baile Mhúirne chun go dtéigheann sí
    isteach insa Laoi ar an dtaobh thoir theas den tSléibhín i
    Maghchromtha. Ní h-aon iongnadh go bhfuil sí chómh leathan san
    mar is mó abha bheag eile ag dul isteach innte.
    Tá ar dtúis ag dul isteach innte abha na h-Ínse
    Móire agus bharr d’ínse; airís an abha bhuidhe; annsan
    an abha gharbh; abha na biuchlann; an Dubhghlas; an
    Sullán beag; annsan an fhothrais agus an láine.
    Tá a droichid annsan iomarcamhail - tá droichead
    Bhéal-Átha-Fionáin agus an droichead Cláir a bhí i
    n-aice na Millíní ach atá anois na dhroichead cloiche.
    Droichead na h-Áth-leacaidh a tugtar air.
    Tá annsan droichead an Mhuilinn Bhaile
    Mhúirne. Tá annsan an Sean-droichead mar a
    n-iompuightear suas chun na roilige.
    Annsan tá droichead Charraig an Adhmuid; droichead
    Phuill na bró - i dtaobh a’s nách ar an bpoll atá
    an droichead san ach is ón bpoll a h-ainmnightear
    é. Fos tá droichead Chonchubhair Uí Loingsigh; droichead
    Ráth Laoich; sean-dhroichead Mhaghchromhtha agus droichead
    nua Mhaghchromtha. Sidiad na droichid atá uirthe.
    Tá páirt den abhainn sin go dtugaimíd
    "an loch" uirthe, tímpeall ceathramhadh míle ar faid
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant