Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0125](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0125.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0125
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)125
Seirbhsiúr isteach sa bhfairrge chú an eadh!"
ó mhuise do chaith agus mo thriúr mac isteach rómham
arsa Moirín, "agus iad na mbeathaidh."
"Ó, Ó," ar ar seisean, "fan annso go fóill agus ní bheidh
mé neomath uait" agus do dhein sé fé dhéin an tighe.
Dubhairt Móirín na h-aigne féin go raibh sé ar
buile agus agus go ndéanfadh sé rud éigin as an slighe
Nuair a chuaidh sé go dtí an tigh thug sé órdughadh an
deirbhsiúr a cheangal agus í chaitheamh isteach sa bhfairrre
de dhruim na faille céadna gur chaith sise móirmh.
Thug sé ordughadh san am gcéadna fios do chur ar
ar ndeirbhsir eile agus an cor céadna a thabhairt
de sin ar eagla ar eagla go ndéanfadh sí aon
deaghbháil doibh, agus do deineadh mar a órduigh sé.
Chuaidh sé tharnais annsan agus do thug sé leis a bhean
agus a thriúr mac. Ba ró-ghearr gur rith an sgéal mar
gheall ar mhóirín agus ar a bheirt deirbhféar mór-tíocheall
na h-áite; agus nuair a airigh an bhean chabhartha an ide
a fuair bheirt deirbhféar Móirin do rith sí as an áit ar
fad agus ní fheachthas beo ná marbh í ó shoin.
Do mhair an duine uasal agus Móirín go lán t-sásta as san
amach gan aon bhuadhairt ná trioblóid agus ní bheadh sé corta
go bráth de mhóisín bheith ag innsint a sgéal ar an gcuma gur
mhair sí féin agus a triúr mac sa bhfairrge.
(críoch).