thárnochta ar na créatúir agus fuair siad sgiúrsa.
Seachtmhain ó’n oidhche sin thainig siad isteach arais
go bhfuigheadh siad a bpáighe.
Arsa fear aca leis an fhear eile, "Béidh muid gann anocht arais"
"Ma bhíonn fhéin", arsa'n fear eile. "Ní síneailidh muid".
"Maith go leór" ar’ seisean, agus chuaidh a’ bheirt isteach.
Chongbhuigheadh tuistiún ó fhear acu ’n oidhche sin agus tuistiún leithphinginne ó’n darna fear. Caitheadh páipear chuca agus h-iarradh ortha síneal go bhfuair siad a bpáighe. Dubhairt siad nach ndeanfagh i choidche go bhfuigheadh siad a bpáighe 'fullailte'(i). Buaileadh arais iad agus baghradh ortha.
Seachtmhain ón oidhche sin nuair a bhí siad a’ teacht isteacht go dtí ’n office, dubhairt fear acu leis an fhear eile, "Béidh muid gann anocht arais"
"Bhal, is cuma liom" adubhairt a’ fear eile "sínealóchaidh mise ’n páipear, ní fhuil mé gabhail 'a
mo fhágail fhéin marbh mar mhaithe leis"
"Bhal, déan é ma tá dúil agat ann, acht ní sìnealaidh mise i choidhce é go bhfagh mé mo pháighe iomlán. Listeal mé 'coinne bheith mo shaighdiúr agus gheobhaidh
(i) iomlán