Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0204](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0352%2FCBE_0352_0204.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0204
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)mé bás mo shaighdiúr."
Nuair a chuaidh siad isteach go dtí ’n oifig, congbhuigheadh tiustún leith phinginne ó fhear agus cúig pinginne ó’n fhear eile. Caitheadh páipeair chuca. Síneal fear acu, agus dubhairt a’ fear eile nach sínealadh é go bhfuigheadh sé a pháighe iomlán. H-órduigheadh
trí bhuille - trí fichid buille thabhairt dó. Fuair sé sin.
" 'Nois" adeir sé leis a’ chomrádaidhe, "tusa a bhéas i
mbárach ar gárda, leigfidh tusa amach mise tharad, agus imtheochaidh mé, dheánfaidh mé desertal(i).
"Ó Dhia" déir a’ chomrádaidhe, "ma bheirtear annsin ort, mise caithfeas tú flógal(ii)".
"Is cuma liom, Is cuma liom thú mo marbadh."
Ar maidin nuair a chuaidh siad amach, leig a’ comrádaidhe thairis é, leig ’ach fuile dhuine thairis é gur fhágh sé ’n "regiment" ar fad.
D’imthigh sé leis. Casadh fear air. Fear as Connachta a bhí ann agus é briseadh chloch ar
taobh a’ bhealaigh mhóir.
"Dtabharfa malairt culaith éadaigh dom? Ta mé i ndiaidh desertal".
Ó, bhal, ní thabharfaidh" ar seisean " acht bhéarfaidh mé bratogaí
(i) an t-arm fhághail,
(ii) bhuaileadh.(continues on next page)