School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 516
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ins an bpictiúir seo thuas feictear an áit staireamhail sin go dtugtar 'Dún Dónal' air.”
Ins an bpictiúir seo thuas feictear an áit staireamhail sin go dtugtar "Dún-Dónal {?} air. Tá sé suidhte le h-ais an bhóthair in oirthear an ghleanna [.i. Gleann-Chaisil]. Tá an cnocán in a sheasamh leis féin agus tá sé timcheall 50´ ar aoirde. Tá sgeacha beaga a fás thart air - rud nách bhfuil le rádh faoí aon áit eile sa gceanntar. Thuas ar a bhárr tá bun an dúna le feiceáil. Níl aon sgeach a fás ar sin - agus tá sé mar iomaire lom i bhfuirm dron-uilleóige.
Bhí laoch in a chómhnuidhe san dún sin fadó agus sé an ainm a bhí air ná Domhnall. Bhí sé pósta le cailín óg, agus an-ghrádh aige di. Ní raibh aon laoch san gceanntar a bhí i ndán a(continues on next page)