Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 237
- XML “Scéal fán Diabhal”
- XML “Scéal Eile fán Diabhal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Diabhal síos fríd an talamh in-a splanncacha teineadh. Ní fhacaidh Prionnseas an Diabhal ní ba mhó.
- Diabhal síos fríd an talamh i n-a splanncacha teineadh. Ní fhacaidh Prionnseas an Diabhal ní ba mhó.Sceil eile fá'n DiabhalBhí lánamhain(i n-a gc0mhnuidhe) ann uair amháin agus bhi siad iongantach grádhmhar da chéile. Ní dhearfaidheaon fhocal le n-a chéile a chuirfeadh fearg ortha. Bhí an Diabhal i gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe ag iarraidh cathughadh a chuir ortha acht níor éirigh leis ar aon dhóigh.
Bhi sean-chailleach ag fanacht ag an lánamhain seo corr uair agus bhíodh sí ag gabhail thart ag cruinneadh. Bhí said go h-an mhaith duithe agus ní iosfad siad greim go bhfágadh sise a cuid de. Is cosamhail go rabh sí amuigh ag gruinneadh la amháín agus go dtainig an Diabhal fhad léithe agus d'innis duíthe go dtabhairfead sé mála óir duíthe dá gcuiduighead sí leis cathugadh a chur ar an lánamhain. Bhí luthgháir mhór uirthe-se a léitheid de mhála óir a fhághail le rud comh beag a dhéanadh, shil sí féin. Dubhairt sí leis an Diabhal go ndéanfadh agus d'fhág siad a cheile.
An trathnona i n-a dhiaidh sin thainig an Diabhal fhad léithe arais agus d'innis sé nuair a gheobhad sí an lanamhain amuigh í an rásúr a chur faoi chionn na leabtha. D'innis sé fosta duíthe nuair a gheobhad sí an bhean amuuigh ag blighe na bó agus an fear amuigh ag tabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Donegal