School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 19. Bhí uncal ag m’áthair darbh ainm Conall Ua Baoghaill. Níl sé acht dha bhliadhan márbh “Go ndeánfaidh Dia grásta air”. Seo rud a tharla do Chonall tráthnóna amhain samhraidh.
Nuair a bhí sé na stocach chuir a athair na cnuic é fa coinne an eallaigh. D’iarr sé air bean dé a chuid deirbhsiúiribh a thabhairt leis acht níor thug.
Bhog sé leis agus chonnaic sé síos uadh iad ag loch Ábha. Tharrang se síos orthú. Siubhal an t-eallach thart go dtainig siad go dtí’n ait ar ceart daobhtha geárradh suas tarrangt ar an bhaile acht ní dheachaidh siad suas. Thug sé iarraidh gabhal rompu agus a bpilleadh acht san ám seo bhí siad ag rachaidh comh mór is nach dtiocfadh leis, cé nar bhréag a rádh nach rabh ag dul isteach ar dhoras Theach an Phobail san ám stocach níos lúthmhaire na é.
Ríth sé thart fa’n loch cupla uair ag sílstin go bhfuigheadh sé sgárta suas iad acht ní rabh gár do ann. B’éigin do sa deireadh iad a fhágailt bhí sé comh sáruighthe sin.
Phill sé na bhaile lé cuideadh a fhághaíl agus cásadh a dheirbhshiúr air a theacht in araieis ag innse do go rabh an t-eallach sa bhaile ó d’imthigh sé agus iad blíghte. D’aithin sé annsin gur na sídheógaí a cuir ciapóg air ag loch Abha.- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Ióseph Uí Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal