Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 197
- XML “Scéal”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dhruid é, agus chá bhíonn an ghaoth orraibh.
- Bhí long ag teacht as Meiriceá tá cúig bliadhna agus fiche ó shoin agus bhí ceo mór ann. Tháinig sí ró-dheas de thalamh agus bhuail sí isteach ar na carraigeacha ar an taoibh seo de Thoraigh agus briseadh í. Bhí lucht plúir agus cuid mhór rudaí eile uirthí agus bhí pasantóirí uirthí fosta. Chaith siad gach seort dá rabh uirthí ins an fhairrge acht d'fhan na pasantóirí uirthí go dtáinig long eile a thug léithe go Doire iad. Rinne sí maith mór de mhuinntear Thoraighe nó fuair siad cuid mhór plúir, muc-fheola agus gach seort dá rabh uirthí agus neitheannaí eile fosta. Bhí bádaí as na cuantaí uilig ag tarraingt ann ag iarraidh cuid de'n bhiadh agus gach seort dá rabh uirthí. Chaith sí seal ag Toraigh gur cuireadh an lucht uilig chun na fairrge agus annsin tugadh ar shiubhal í. Chuaidh go leor de'n lucht ins an fhairrge nach bhfuairtheas ariamh. "An Cealafórnaí" a b'ainm dí.
- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Donegal