School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 203
- XML “Daoine a Báitheadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Báitheadh trí dhuine a bhí ag an tráigh ag baint slabhaic uair amháin. Nuair a bhí siad ag dul ‘un an bhaile chuaidh siad trasna ag “Cor-na-Leathaigh” agus báitheadh annsin iad mar go rabh rabharta ann ins an am. Bhí trí dhuine eile ag dul isteach ‘un an oileáin lá agus báitheadh iad ag an “Chlochán”. Beirt fhear agus bean amháin do b’eadh iad. Báitheadh beirt fhear am eile a bhí ag teacht isteach le ultach leathaigh. Níor báitheadh an bheirt ins an am cheudna.D’fhág bád Innis Bó Finne oidhche amháin i mí Meadhon an t-samhraidh sa bhliadhain 1929 ag gabhail a dh’iasgaireacht bradán. Ceathrar fear a bhí san bhád; beirt dhearbhráthair a bhí ann agus beirt fhear eile. Bhí an oidhche comh ciúin agus nach mbogfadh sí ribe ar do cheann. Nuair a bhí a gcuid eangach sínte aca caidé thárluigh theacht aniar báigh Thoraighe acht soitheach. Bhuail sé an bád agus rinne sé dhá chuid díthe. Bhí triúr de na fir istigh i bpíosa de’n bhád agus fear amháin sa phíosa eile. Níor bhfada go bhfuair beirt aca bás. Fágadh annsin duine ar gach píósa de’n bhád. Fuair fear eile acú bás le teacht an lae. Bhí an fear eile leis féin annsin. Thárla sé go raibh sóitheach eile ag gabháil thart an bealach i dtrátha a naoi a chlog agus thóg sé léithe an fear a bhí fágtha. Fuarthas fear de’n mhuinntir a báthadh seachtmhain i na dhiaidh sin.
- Collector
- Máire Nic Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal