Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Táirgí Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rabh cróca óir i bhfolach ar "Chnoc a Leithid" faoi thúrtóig. Suas leis ar maidín an lá-ar-na-bhárach. Fuair sé an túrtóig acht go díreach nuair a bhí sé ag gabháil faoithe tháinig cnap ceo thart air, sgannruigh sé agus d'imthigh sé chun an bhaile gan a dhath a fhághail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tairgí Óir
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe thoir i Machaire Rabhartaigh aon uair amháin agus deir siad go dtearn sé brionglóid oidhche amháin go rabh croca óir i bhfolach thuas i gCur-na-Leabhar. D'innseadh dó san bhrionglóid cé'n áit ar an chnoc a rabh sé. D'éirigh sé ar maidín an lae thar na bharach agus níor leig sé a dhath air féin fá dtaobh de. Acht an oidhche sin rinne sé brionglóid fosta mar an oidhche roimhe sin agus rinne sé an brionglóid chéadna an oidhche i n-a dhiaidh sin. Ar maidín an tríomhadh lae, dar leis féin: " Tá an bhriongloíd seo fíor" Chaith sé an spád ar a dhruim agus ar siubhál leis ag tarraingt ar " Corr -na-Leabhar". Nuair a thainig sé fhad leis an ait seo chonnaic sé go rabh sé níos duibhe ná an chuid eile agus shaith sé an spád isteach ann, agus tháinig an spád ar cheann fir do bhí 'na sheasamh san áit. Léim an fear aníos agus fhuair greim air, agus chuir sé san pholl é agus a dhá chois anáirde. D'imthigh sé leis, nó ba fear de na daoine beaga do bhí ann. Bhí an fear thíos ins an pholl go dtí tráthnóna an lae sin, agus bhí fear ag gabháil thart agus chonnaic sé é. Chuir sé ceist air caidé a chas annsin é. D'innis sé dó. " Bhal," arsa an fear eile leis, "Dá mbéadh fhios agat cá bhfuil tú ní fhanóchtha i bhfad ann".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Donegal