School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 102
  3. XML “Na Súmairí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Aibhne na bParathás thall mar duaidh Adhamh an t-úbhall.
    Ceist agam in do dháil - Stáir Eibhir agus Dunann is ainm dobhtha. Is uathasan a thigeas gach aon seort maithis dá dtig ar an mhóg braonach. Ó Sheain a sgaoiltear amach síl eisg 'n domhain gó leantar an machaire amach ins an tsean Fhairrge. Ó Eibhir a thig feanaibh clocha, triomuighthe Huibhir [?] cé gur mór an t-iongnadh agus gur fearr nó óir an domhain uilig - clocha buidhe na hÁon-Uire.
    Ó Dhunann a thig mil-drucht, féar-gort, agus gach braon apaidh. Tá trí Aibhne eile ag rachtal ar bhruach Ifrinn, mar atá Hibh, Aghair agus Acáir. A's uabhtha sin a tigeas gach aon seoirt mí-rath da dtig ar an Mógh Braonach. Ó Nibh a thig feall, fearg agus dobhearta damantar an anam. Ó Aghair a sgaoiltear amach pláigh, grána ar dhaoinibh agus ar eallaibh. Ó Ac Áir a thig fuacht sneachta, fearthainn agus gaoith Ó Thuaith, tarman thriomplisg agus tairneacht a bhaiththear long agus sluagh baidí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Ailin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraig Ó Scannlan
    Gender
    Male
    Age
    57
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Gharbháin, Co. Donegal