School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 135
- XML “Casán na nDálach nó Casán Uí Dhómhnaill”
- XML “Tobar na nAingeal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chaith Eoghan Ruadh an oidhche ag Dúnan in aice leis an Mhoinín anois. Tá sean-teach ann anois ins an ait in a raibh Dun fadó. Shiubhail Eoghan Ruadh an bealach seo thairbe nach raibh aige ach cead fear.
- Tobar na nAingéalTá an tobar seo tháll i mBaile Chiarragáin Tá na cnuic thart fan tobar seo uilig agus da mbeithea annsin ag dul a sholas bheadh seort eagla ort ag an tobar seo, thairbhe go bhfuil na cnuic thart go h-uaigneach. Is cosamhail do réir na sean-daoine go raibh saghart ag leigheadh an Aifrionn fadó ins an ait in a bhfuil an tobar anois in amannaí na Pionnamhla. Bhí fir ag coimead agus i lár an Aifrionn thainig siad sidirí Sasan ag teacht ag bárr Ailt-na-Peiste. Rith na daoine ach seisear no seachtmhar. Thainic na sidirí agus chuaidh siad thart ag an ait in a raibh an saghart ag léighead an Aifrionn agus ní thiocadh leo gach ar bith a fheiceál. Deirtear gur chuir na h-Aingeal sgath thart ar an t-sagart agus ar na daoine. Tá tobar annsin ó shoin agus(continues on next page)