Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo paidir a dheireas na daoine tar éis a bheith ag catheamh tobaic - "Seacht lán roilic Padraig, Túmba Críosta agus brat brighde de bheannachtaibh dílis Dé le hanamnaibh na marbh". Tá loghadh mór le gnóthaint ag aon duine a dheireas í. Seo paidir eile a dheireas chuid de na daoinibh ag coigilt na teine-
Coigleann muid an teine seo mar choigleas Críost Muire 'na bun, Brighid 'na bárr
Dhá aingeal is fiche ag cumhdach an tighe seo mo theach is mo theine go lá".
Seo paidir eile:-
luigeann muid le Dia, go luighidh Dia lin
Ár gcroidhe le Dia croidhe Dé lin.
Seo ceann eile:-
Ceithre posta ar mo leabaidh
ceithre haingle ortha sgartha
Má fhagaim-se bás as seo go maidin
i bhFlaitheas Dé go raibh m'anam'
A Íosa, déan tróchaire orm.- Bailitheoir
- Seaghán Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. Galway