Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leor pisreoga ag baint le laethanta áirithe.
Lá Sain Siuit. Deirtear dá mbeadh sé ag báisteach ar an lá sin go mbeadh sé ag báisteadh arís go ceann dhá scór lá in-a dhiaidh sin.
Lá Féile Mhicil. Deirtear gur ceart fuil a dóirteadh an lá sin. Glacann Micheál i n-a dhiaidh agus roimhe sin an fhuil a dóirtear dó.
Lá Feile Mháirtín. Glacann Máirtín leis an bhfuil i ndiaidh na féile acht glacann sé roimhe í .
Le linn Mháirtín deirtear go mb'shin é an uair a dtáinic na cait amach. Bhí naomh Máirtín ann lá amháin agus tháinic seacht casachta air agus deirtear go ndearnadh luchain de na smugairlí a chaith sé amach agus go ndearnadh sé iongnadh mór as. Níor maith leis iad a leigint uaidh. Bhí láimhíní air agus chaith sé ceann aca uaidh agus rinne sé cat as agus lean an cat na luchain acht níor mharbhuigh sé acht cuid aca. Agus deirtear gur uaidh sin a tháinic na cait agus na luchain ar an saoghal an chéad uair.
Aoine an Chéasta. Níor mheath aon cheo ariamh a cuireadh ar Aoine an Chéasta.
Laethanta na sean-bhó. Bhí sean-bhó ann fadó agus bhí sí an-sean agus cheap sí nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi O Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75