School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0251
- XML “De Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tar éis chatha. Bhaile Átha 'n Ríogh (1316). chuaidh na Normánaigh i neart is i dthreise. marbhuigheadh sgoth fear Connacht san gcath agus bhí an Búrcach agus an Ceóirseach agus a leitheide teann dá bhárr. Roimhe sin is i mBaile Átha 'n Ríogh a bhí chomhnuidhe ar an mBúrcach acht tar éis an chatha thréig sé an chathair agus d'ionsuigh an tuaith amach d'fonn na Gaedheal a dhíbirt rómpa soir go Sionainn.
Ní'l seisreach talmhan (trí sgór acraí talmhan) dár bhain sé díobh nár thóg sé caisleán le n-a chosaint. Rinne sé na caisleáin in an straitheanna i bhfoigseacht sgread asail dá chéile agus rinne sé iad a chosaint anuas go dtí an t-am 'n ar chuir na gunnaí móra deire leo.
Rinne Ó Ceallaigh caisleáin len-a chosaint ar an mBúrcach agus rinne Ó Mhadadhain caisleáin. Acht na caisleáin a rinne seisean is cois na Sionainne a rinne sé iad i dtreó is ba mhian leis é féin a chosaint ar Ur-Mhumhain.