Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fiafruigh siad dí ádhbhar a caointe. Dubhairt sí gurab a fear a bhí indiaidh báis a fhágháil. Thug sí Naomh Peadar síos 'un t-seomra agus thug sé an fear 'un t'saoghail ar ais. Thug sí buidheachas do Naomh Peadair agus thug sí uan mar bhronntanas dó. Thug sí teach folamh díobhtha le a mbiadh a dhéanamh réidh ann.
D'feann an saighdiúir an t-uan agus chuir sa phota é. Dubhairt Naomh Peadar go siubhailfeadh sé giota siar an bealach go mbéadh an t-uan bruithte agus chros ar an tsaigdiúir gan dada de'n uan a ithe go dtigeadh sé ar ais.
Bhí an t-uan bruithte anois agus ni raibh Naomh Peadar ag teacht. D'fan an saighdiúir tamall eile acht bhí ocras ag teacht air. Smaoinigh sé annsin nach shórreochadh[?] Naomh Peadar an croidhe ar iarraidh agus d'ith sé é. Nuair a bhí an croidhe ithte aige tháinic N. Peadar acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Inscne
- Baineann