Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breith ar an ngaoith Mhárta atá roimpi agus nach bhfuil an ghaoth Mhárta i na diaidh i ndon breith suas léi; agus an claidheamh soluis a chosnóchas in gach gábhadh thú. Tá do dhriotháir agus na rudaí eile sin a bhí aige 'na gclocha glasa taobh amuigh de'n doras agus seo dhuit an t-slaitín draoidheachta a thiubhras slán iad.
- Déanfaidh sin, ar seisean. Eirigh 'do sheasamh. Annsin d'fhiafruigh sé dhí, - Cé leis a ngéaróchaidh mé an claidheamh seo? Cén mhaith dhéanfas sí dhom-sa agus í chomh maol le druim speile?
- Géaruigh í, adeir an chailleach, leis an gcrann is caime annsin amuigh.
- Ní fheicim-se, adeir an fear, crann ar bith ann is gráinne ná is caime ná tú féin. Agus leis sin thug sé buille dhá chlaidheamh dhí agus mharbhuigh sé í.
Annsin chuaidh sé taobh amach agus bhuail na clocha glasa leis an t-slaitín draoidheachta agus thug sé ar ais a dhriotháir, a chapall, a chú agus a sheabhac. Abhaile leo annsin in éindigh, - an mac a raibh an comhartha cluas air chuig a theach féin agus an mac eile abhaile chuig a mháthair baintreabhaighe.
Ó Sheán Ó Cúláin, Cor na Rón a fuair Máirtín Ó Cúláin (13), Sgoil Shailearna (b) an sgéal seo.
Fuair Seán bás dhá mhí ó shoin in aois a 40 bl. 3 Iúl '36
Chualas leagan do'n sgéal seo i mBéarla i n-Áth Chaisle, i bparráiste Chaisleán Uí Ghreighra, Co. Chiarraidhe. Féach leat Cnuasach Mhichíl Uí Dhomhnaill O.S. Áth Chaisle. T.Ó S.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe