School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 012
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 012
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-fhear sa tír seo fadó agus ní raibh duine ar bith 'na chomhnuidhe in-éindigh leis. Fuair sé tinn agus as an tinneas fuair sé bás. Bhí beirt fhear óg do'n bhaile in-éindigh leis nuair a fuair sé bás. Leagadar amach é le na thórraimh nuair nach raibh ann ach íad féin. Chuir siad rópa air thar timcheall a ghuailnibh agus síos faoi an mbord sios go dtí a chosa. Nuair a tháinig an oidhche, chruinnigh daoine óga an bhaile isteach le na thórramh. Dubhairt síad le na chéile thall go raibh an sean-fhear an tsean, go mba cheart ceól a chur air agus damhsadh a chur air an torramh. Chuireadar fios ar phíobaire. Nuair a bhí siad uilig cruinnighthe agus an ceol ar bun shuidh an fear óg ag cosa an chuirp. Tharraing sé an rópa. Leis sin d'éirigh an fear caillte suas. Scannruigh na daoine agus thosuigh siad ag rith amach i mullach a chéile an dorus. Ar a dhul amach don píobaire chaill sé mála an cheóil. le raibh d'faitchíos air. Cuireadh fios ar an sagart agus h-innsigheadh an scéal uilig dó. Dubhairt an sagart gur seafóid a bhí orra. Chuaidh sé féin isteach i dteach an chuirp. Ar a dhul isteach dhó sheas sé ar mhála an cheóil. "Má-á-á" adeir an mála. Scannruigh an sagart agus rith sé féin agus dubhairt sé leis na daoine gurbh é(continues on next page)
- Collector
- Maighread Ní Threasuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Una Ní Threasuidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway